384 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-909907-53-9 An dara leabhar sa tsraith 'Lúcás Ó Briain' (An Litir). In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóir rua an namhad, an Sionnach tiomanta díocasach, ar a thóir. Seo é an dara leabhar i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí. “Coinníonn Mac Cóil gearradh faoin bprós ó thús deireadh agus fágtar an léitheoir ag fiafraí cén deireadh a bheidh le Lúcás sa Lobháin? Is mairg don té a déarfadh nach mbíonn spraoi ar an stair.” — Dónall Ó Braonáin, TUAIRISC.IE "Seasann Mac Cóil i measc oidhrí [Uí Chadhain] i bhfianaise an tsaothair seo.... Cadhain aonair ar inbhear na húrscéalaíochta Gaeilge é Mac Cóil, atá ar na scríbhneoiirí comhaimseartha is bisiúla agus is cairéisí ó aimsir an Chadhnaigh i leith. Measaim go seasfaidh an tsraith seo ar feadh na nglún i dtraidisiún na húrscéalaíochta Gaeilge." — Lee Vahey, COMHAR
"synopsis" may belong to another edition of this title.
Seller: Kennys Bookstore, Olney, MD, U.S.A.
Condition: New. 2014. Bog (Paperback). . . . . . Books ship from the US and Ireland. Seller Inventory # V9781909907539
Seller: Kennys Bookshop and Art Galleries Ltd., Galway, GY, Ireland
Condition: New. 2014. Bog (Paperback). . . . . . Seller Inventory # V9781909907539